![]() |
COMHAIRLIÚCHÁN: I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití |
Réamhrá don Chomhairliúchán Poiblí
Tá an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige i mbun próiseas comhairliúcháin mar chuid d’fhorbairt na straitéise comhleantach ar an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011 – 2020 agus ar an Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis (2017-2020).
Ba mhaith linn do chuid thuairimí a fháil faoin gcaoi inar féidir linn feasacht ar sheirbhísí, ar fhaisnéis agus ar thacaíochtaí a fheabhsú. Bheimis buíoch d’ionchur uaitse faoi na tosaíochtaí do straitéis nua do litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach agus ar an gcaoi inar chóir dúinn ár rathúlacht a thomhas thar na 10 mbliana atá le teacht.

CÚLRA
Tá an comhairliúchán seo mar chuid de phróiseas níos leithne chun straitéis nua a fhorbairt do litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach do leanaí agus do dhaoine óga. De réir mar a dhéantar rath agus dúshláin shistéamacha na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol (2011-2020) a mheas agus pleanáil don chéad chéim eile den fhorbairt, tá sé tráthúil aiseolas a bhailiú ar eispéiris ag luathfhoghlama agus cúraim (FCL), ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ó 2011 i leith. Baineann sé seo le tiomantas oideoirí luathbhlianta agus bainisteoirí LFC, múinteoirí agus ceannairí scoile, foirne tacaíochta agus boird bhainistíochta agus na páirtithe leasmhara agus na páirtithe oideachais eile go léir. Baineann sé ach go háirithe le tiomantas na dtuismitheoirí*, na dteaghlach, na leanaí agus na ndaoine óga féin.
Táimid ag breathnú romhainn anois agus tá do thuairimí á lorg againn ar do thuiscint ar litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach agus sinn ag gluaiseacht chun cinn sa 21ú haois.