Comhairle Cathrach Chorcaí - Tionscadal na Lárleabharlainne Nua

Maidir leis an Suirbhé Seo
Cad chuige an ceistneoir seo?
Is coimpléasc foirgneamh ar an bPríomhshráid Theas é an Teach Cuntais a bhfuil an-chuid staire ag baint leis. Mar chuid den athnuachan atá á dhéanamh ar Cheathrú Shráid an Chapaill Bhuí trí chéile, cheannaigh Comhairle Cathrach Chorcaí é le déanaí chun Leabharlann Chathair Chorcaí a athlonnú ann. Is í Leabharlann Chathair Chorcaí an príomhleabharlann i líonra leabharlann Chomhairle Cathrach Chorcaí agus, mar shaoráid chultúir nua, beidh sí ina foirgneamh is díol suntais i gcroílár lár chathair Chorcaí. I gcomparáid leis an leabharlann atá ar Shráid an Chapaill Bhuí faoi láthair, beidh a trí oiread sa leabharlann nua agus tá Comhairle Cathrach Chorcaí ar thóir do thuairimí chun dearadh agus seirbhísí na forbartha cuidsúlaí seo a mhúnlú.
Leis an gceistneoir seo táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar an taithí atá agat ar sheirbhísí leabharlainne faoi láthair chomh maith le baic a shainaithint a chuireann daoine ón leabharlann a úsáid. Ba mhaith linn do mheas a fháil freisin ar cad iad na seirbhísí atá in easnamh nó a d’fhéadfadh a bheith níos fearr. Agus má tá uaillmhian ar bith agat faoina bhféadfaí a chur ar fáil do mhuintir Chorcaí sa leabharlann nua, inis dúinn faoi.
An chaoi a ndéanfar an dearadh a bhainistiú?
Tá Comhairle Cathrach Chorcaí tar éis saineolaithe seachtracha ar ailtireacht agus ar dhearadh leabharlainne a fhostú chun obair i gcomhar le baill foirne Leabharlann na Cathrach agus Rannóg an Ailtire chun an leabharlann nua a dhearadh ar bhealach a chinnteoidh go bhfreastalóidh sí ar na riachtanais atá ag muintir na cathrach faoi láthair agus a bheidh acu amach anseo. Cuid den phróiseas chun bonn eolais a chur faoin dearadh sin is ea an suirbhé seo.
Leis an gceistneoir seo féachtar le tuairimí úsáideoirí leabharlainne faoi láthair agus tuairimí daoine den phobal nach bhfuil ag úsáid seirbhísí leabharlainne faoi láthair a fháil. Tá tuairimí an dá dreama sin chomh tábhachtach lena chéile, dar linn.
Beidh d’aiseolas ina chabhair lena chinntiú go mbeidh dearadh agus seirbhísí na leabharlainne nua ábhartha agus fiúntach do mhuintir chathair Chorcaí.
Beidh an suirbhé seo oscailte le haghaidh freagairtí go ceann ceithre seachtaine agus seans go gcuirfí síneadh ama leis an tréimhse sin.
Beidh gach freagairt ar an suirbhé anaithnid agus ní iarrfar sonraí pearsanta ar bith ort le linn duit an suirbhé a chomhlánú.
Ba mhór againn é dá gcomhlánófá an suirbhé seo.
Comhairle Cathrach Chorcaí, Ailtirí Brock Finucane & fjcstudio (speisialtóirí dearaidh leabharlainne)