Tríd an bhfoirm seo a chur isteach, deimhním:
1. go bhfuil an t-eolas faoin Scéim léite agam agus go bhfuilim sásta cloí le Coinníollacha uile na Scéime;
2. gur trí Ghaeilge amháin a reáchtálfar an campa;
3. go bhfuil árachas dliteanas poiblí cuí ag an gcampa den chineál atá luaite sna Coinníollacha;
4. go mbeidh Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ag gach Cinnire;
5. go bhfuil Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus na polasaithe cuí ag an gcampa a chlúdaíonn, inter alia, conas déileáil le nochtadh eolais, agus go bhfuil comhairle faighte ó na húdaráis cuí maidir leis an Ráiteas agus na polasaithe seo;
6. go mbeidh an Ráiteas Um Chumhdach Leanaí ar taispeáint go poiblí ar an gCampa;
7. go mbeidh Duine Idirchaidrimh agus Duine Ábhartha ainmnithe sa Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus go mbeidh a fhios ag gach cinnire cé hé / hí na daoine sin;
8. go dtuigeann foireann an champa uilig gur Duine Sainordaithe iad fad agus a bheas an campa ar bun, agus go dtuigeann siad an dualgas dlíthiúil atá ar Dhaoine Sainordaithe;
9. go mbeidh an cúrsa ar-líne Tús Áite do Leanaí déanta ag gach cinnire ar an gcampa agus go gcuirfear teastas ar fáil ag deimhniú sin;
10. go bhfuilim sásta go bhfuil gach duine a bheas ag obair ar an gcampa seo oiriúnach chun bheith ag obair le / freagrach as daoine óga agus go dtugaim cead do Mhuintearas Teo. pé fiosrúcháin a cheaptar gur gá a dhéanamh leis na húdaráis cuí ina leith;
11. go bhfuil muid toilteanach eolas maidir leis an gcampa a bheith ar shuíomh idirlín Mhuintearas Teo (m.sh. ainm, ionad, sonraí teagmhála, agus dátaí an champa);
12. go bhfuil cúrsaí cánach an choiste / na heagraíochta in ord;
13. go bhfuil na foirmeacha seo comhlíonta agus ceangailte leis an fhoirm seo:
o Clár Imeachta an champa
o Polasaí Teanga an champa
o Dearbhú foirne i dtaca le Cosaint Leanaí
o Dearbhú Árachais
o Seicliosta Polasaithe Chosaint Leanaí agus Ráiteas um Chumhdach Leanaí