Mapáil IN SITU ar thionscadail chultúrtha agus chruthaitheacha agus roghnú cás-staidéir

Is tionscadal taighde 48-mí ar fad é IN SITU - Nuálaíocht áit-bhunaithe i dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach i gceantair neamhuirbeacha arna fhorbairt ag Cuibhreannas de 13 pháirtí, a tosaíodh i mí Iúil 2022. Tá IN SITU ag fiosrú conas is féidir cleachtais chultúrtha agus chruthaiteacha cabhrú le fadhbanna áitbhunaithei sé réigiún neamhuirbeacha a dhéanann ionadaíocht ar na sé Saotharlann IN SITU: Na hAsóir, an Phortaingéil; réigiún chósta thiar na hÉireann; réigiún thiar na hÍoslainne; bardais Rauma agus Eurajoki, an Fhionlainn; Contae Valmiera, an Laitvia, Contae Šibenik-Knin, an Chróit. 

Tá dhá aidhm ag an suirbhé seo. Ar lámh amháin, ba mhaith linn tionscadail a mhapáil ina moltar freagraí cultúrtha agus cruthaitheacha ar phríomhcheisteanna áit-bhunaithe sna sé shuíomh saotharlainne IN SITU. Ar an lámh eile, ba mhaith linn an dá thionscadal is ábhartha, is mó tionchair agus is nuálaí i ngach suíomh Saotharlainne a aithint, ionas go mbeidh siad roghnaithe mar chás-staidéir ar thionscadal IN SITU. Déanfar gach cás-staidéar a chur ar fhochonradh ansin agus gheobhaidh siad luach saothair EUR 5000 mar chúiteamh ar dhá thuarascáil monatóireachta (féach an cháipéis FAQ thíos le haghaidh tuilleadh eolais).

Is féidir an suirbhé seo a fhreagairt má chomhlíonann tú na 3 riachtanas seo a leanas:
  1. Tá do chleachtas cultúrtha nó cruthaitheach cláraithe go dleathach i gceann de na suíomhanna saotharlainne IN SITU (féach thuas); AGUS
  2. Tá tú gníomhach i réimse cultúrtha nó cruthaitheach amháin nó níos mó; AGUS
  3. Tá tú i gceannas nó tá baint agat le tionscadal a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na fadhbanna áitiúla is práinní i do réigiún. Féach ar an gcáipéis FAQ thíos chun na fadhbanna áitiúla i do réigiún a fháil amach.

Cabhróidh an dá cháipéis seo thíos leat an suirbhé seo a fhreagairt:
  • Ceisteanna Coitianta (FAQ)
  • Ceistneoir suirbhé: féach ar an gceistneoir sula dtosaíonn tú ar an suirbhé. Tabharfaidh sé seo deis duit oibriú as líne ar do chuid freagraí agus ansin iad a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa chóras suirbhé.

Tá go dtí Dé hAoine 2 Meitheamh 23h59 CET agat chun freagra a thabhairt ar an suirbhé seo (ríomh d’amchrios). Is féidir leat aon cheist nó fadhb a sheoladh i ríomhphost chuig martina.fraioli@encc.eu (i mBéarla).

T