Copy of Coiste Halla Lios Póil

Roghanna d’Athfhorbairt Halla John L. Ó Súilleabháin

A chara na páirte,

Áis iontach ab ea Halla John L Ó Súilleabháin/Ionad Pobail Lios Póil don Pharóiste agus do Phobal Chorca Dhuibhne araon le 40 bliain anuas – a bhuíochas don bhfís a bhí ag an gCoiste a bheartaigh, agus dóibh siúd go léir a thacaigh lena fhorbairt.

Is tráthúil, má sea, go bhfuil fúinn athchóiriú agus forbairt úr a dhéanamh ar na háiseanna seo dúinn fhéin agus dos na glúnta le teacht. Chuige sin, ba mhór againn agus ba mhór an cúnamh dúinn go líonfá an suirbhé gearr a ghabhann leis seo, gníomh dóchais a thacóidh leis an staidéar féidearthachta a chuirfidh ar ár gcumas mar Phobal an chonair romhainn a bheartú.

Fág an fhoirm líonta, led thoil, i Siopa Uí Chatháin, Crosaire Khate nó i dTabhairne Uí Shúilleabháin.

   Míle buíochas as do thacaíocht.
1.Insce an té atá i mbun an tsuirbhé.
2.Aois an té atá i mbun an tsuirbhé.
3.Cá bhfuil cónaí ort i gcomhthéacs an pharóiste?
4.Cé mhéid duine id theaghlach bunaithe ar na catagóirí aoise seo a leanas?
5.An mbaineann tú féin nó ball ded theaghlach feidhm as an halla faoi láthair?
6.Cad iad na h-áiseanna spóirt/caitheamh aimsire ar mhaith leat a bheith sa halla?
7.Cad iad na h-áiseanna eile ar mhaith leat a bheith sa halla/ionad pobail?
8.Aon tuairim eile agat, led thoil, faoi fhorbairtí arbh fhiú a dhéanamh sa halla/ionad pobail mar ionad ilfheidhmeach pobail
Current Progress,
0 of 8 answered