Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an bheartais náisiúnta maidir le huaireanta oibre solúbtha.

Tabharfar aird sa bheartas sin ar na riachtanais atá ag teaghlaigh, ag daoine aonair, ag fostóirí agus ag an mórgheilleagar.

Is féidir le socruithe oibre solúbtha tacú le tuismitheoirí freagrachtaí cúraim agus freagrachtaí oibre a chothromú. Is féidir leo bheith ríthábhachtach freisin do dhaoine a thugann aire do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas agus d’fhostaithe a bhfuil míchumas acu féin.

Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le roghanna oibre solúbtha ná an fhéidearthacht a bheith ann an obair a thosú nó a chríochnú ag amanna difriúla, uaireanta comhbhrúite a chur isteach nó rochtain a fháil ar fhleisc-am, an cumas a bheith ann chun obair go cianda agus an ceart a bheith ann chun dícheangal lasmuigh d’uaireanta oibre. Áirítear leo freisin rochtain a bheith ann ar roghanna oibre páirtaimseartha nó roinnte.

An t-achar ar gá do dhaoine aonair é a thaisteal chuig a n-áit oibre agus an fháil agus an costas ar thithíocht, ar an iompar, ar chúram leanaí agus ar chúram daoine scothaosta, téann siad go léir i bhfeidhm ar an gcineál socruithe a lorgaíonn fostaithe.

T