Suirbhé Ceartais Aeráide Óige 2026 |
Gabhaimid buíochas leat as an am a ghlacadh chun an suirbhé seo a líonadh isteach.
Is mian linn cloisteáil faoi do chuid mothúchán maidir leis an athrú aeráide, faoin gcaoi inar mhaith leat páirt a ghlacadh sa cheartas aeráide, faoi na dúshláin atá romhat, agus faoi na gnéithe a chreideann tú atá tábhachtach chun athruithe a dhéanamh. Cuideoidh do chuid freagraí linn eolas a thabhairt do na páirtithe leasmhara ábhartha ar an leibhéal Idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil maidir le tosaíochtaí daoine óga maidir leis an gceartas aeráide, agus múnlóidh sin ár n-obair eagraíochtúil amach anseo.
Tá an suirbhé ina chuid de Chlár um Cheartas Aeráide na hÓige 2026, arb é ECO-UNESCO a chuireann i gcomhpháirtíocht é in éineacht le Feachtas, Tionscadal Óige Poppintree, agus Club Óige Bhaile Uí Rónáin. Tá sé á reáchtáil i gcomhair le spunout.
Má tá tú ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlár seo, teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann, nó féachaint ar thorthaí suirbhé a rinneadh roimhe seo, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin an chláir.