Trí Ghradaim Oidhreachta na Comhairle Oidhreachta cuirtear an chuid is fearr den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar taispeáint agus tugtar aitheantas d’obair iontach na ndíograiseoirí oidhreachta go léir a ghlacann páirt in imeachtaí na seachtaine.

Beidh na gradaim chontae, chomh maith le roinnt catagóirí speisialta, a dtugtar cuntas orthu thíos, i measc Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i mbliana;
Gradam Oidhreachta Beo: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal ar éirigh leis léirthuiscint níos fearr a spreagadh ar ghné dár nOidhreacht Bheo - ceardaíocht, scileanna agus cleachtais thraidisiúnta.
Gradam an Linbh Fhiáin: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach faoin aer agus taitneamh a bhaint as an oidhreacht agus as an mbithéagsúlacht ina gceantar áitiúil agus iad a fhiosrú; a chaitheann súil eile ar an domhan timpeall orthu; a chuireann áilleacht éagsúil an tírdhreacha ina gceantar ar aird.
Gradam Oidhreachta Uisce: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal is fearr a d’fhiosraigh conas a mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó an fharraige oidhreacht cheantair áitiúil nó a dhéanann ceiliúradh ar an uisce mar chuid lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha, agus mar chuid ríthábhachtach dár dtodhchaí, nó a dhéanann machnamh ar na rudaí eile is féidir linn a dhéanamh leis an acmhainn luachmhar seo a chaomhnú. Tá an Gradam Oidhreachta Uisce i gcomhar le Clár Uisce an Údaráis Áitiúil.
Gradam Imeachta Ionchuimsithigh: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal a rinne iarracht speisialta an oidhreacht a roinnt le gach duine sa phobal i measc na n-aoisghrúpaí, iad siúd ina measc nach bhfuil cur amach ar an oidhreacht acu; iad siúd nach as an gceantar dóibh; nó iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu.
Gradam Gaeilge: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal a thit amach trí Ghaeilge agus/nó a spreag gníomhaíocht nó rannpháirtíocht i nGaeilge.
Gradam Inbhuanaitheachta agus Aeráide: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal a rinne iarracht speisialta cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh lenár lorg carbóin a laghdú agus tionchar a imirt ar an domhan nádúrtha NÓ ar imeacht a chuir oideachas ar fáil ar thionchar an athraithe aeráide agus ar chleachtas maith inbhuanaitheachta.
Gradam Contae: Bronnfar an gradam seo ar an imeacht nó an tionscadal is fearr i ngach limistéar Údaráis Áitiúil bunaithe ar a chumas: rannpháirtíocht phobail a uasmhéadú leis an tionscadal a fhorbairt; gach aoisghrúpa i do phobal a chur san áireamh i bhforbairt/dtabhairt faoin tionscadal; feasacht a mhúscailt ar ghné oidhreachta i bpobal; nó cur le tionscadal oidhreachta reatha, nó le líonra oidhreachta i bpobal agus téamaí na hoidhreachta agus/nó na bithéagsúlachta inbhuanaithe a chur san áireamh.
Gradam Laoch Oidhreachta Náisiúnta: Bronnfar an gradam seo ar dhuine nó ar eagraíocht a léirigh gur chuir siad go mór leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn thar tréimhse fhada ama. Bunaítear an gradam seo ar ainmniúcháin ón bpobal.Chun cur isteach ar an ngradam seo, líon foirm iarratais ar leith, le do thoil, atá ar fáil ag an nasc seo. 
Iarrtar ort gach mír den fhoirm ainmniúcháin a líonadh. Is é an spriocdháta d’iarratais an 31 Lúnasa 2023 ag 5pm.

T