Screen Reader Mode Icon

Bígí linn!

An mbeadh spéis agat féin nó do chuid gasúir bheith páirteach in imeachtaí spraíúla léitheoireachta? Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh fáil amach cén t-éileamh a bheadh ann le Seisiúin Scéalaíochta don Teaghlach (do thuismitheoirí agus leanaí 0-5 bliana) agus Ciorcail Léitheoireachta/Clubanna Leabhar do ghasúir a chur ar bun. Bheadh sé i gceist na seisiúin do theaghlaigh a bheith ar bun maidin Dé hAoine/Dé Sathairn agus na Ciorcail/Clubanna bheith ar bun tráthnóna éigin i gcaitheamh na seachtaine - roghnófar an lá de réir mar a fheileann do na gasúir féin. Uair sa gcoicís a bheadh na himeachtaí ar bun. Líon isteach an suirbhé thíos agus beidh muid i dteagmháil!

Question Title

* 1. An mbeadh spéis agat féin agus do chuid gasúir freastal ar sheisiúin scéalaíochta do theaghlaigh óga (aois 0-5) in aon cheann de na háiteanna seo a leanas? (Is féidir níos mó ná áit/am amháin a roghnú)

Question Title

* 2. An mbeadh spéis ag gasúir leat freastal ar chiorcal léitheoireachta/club leabhar in aon cheann de na háiteanna seo a leanas? (Is féidir níos mó ná áit amháin a roghnú)

Question Title

* 3. Cén aoisghrúpa lena mbaineann na gasúir a mbeadh spéis acu sa chiorcal léitheoireachta/club leabhar?

Question Title

* 4. Scríobh do sheoladh ríomhphoist sa spás thíos. Tiocfaidh muid ar ais chugat má bhíonn dóthain éilimh ar sheisiúin faoi leith agus/nó le socruithe faoi na seisiúin sin nó seisiúin eile.

Question Title

* 5. An bhfuil tú ag iarraidh do sheoladh ríomhphoist a chur le liosta teagmhála Thuismitheoirí na Gaeltachta? Cuirfear ar an eolas tú faoi imeachtaí/ócáidí eile dár gcuid. 

0 of 5 answered
 

T