Plean Cultúir agus Cruthaitheachta i gComhair Chontae Dhún na nGall
Réamhrá
Is éard is cultúr ann ná na healaíona, oidhreacht, modhanna traidisiúnta maireachtála, béaloideas, Gaeilge agus tionscail chruthaitheachta ina gciall is leithne. Is tionscnamh rialtais é Clár Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm aige an deis a thabhairt do gach uile dhuine a chónaíonn in Éirinn barr a gcumais chruthaithigh a bhaint amach (https://creative.ireland.ie/ga). Cuimsíonn an clár cúig cholún atá dírithe ar an bhfís sin a bhaint amach:
Cumas Cruthaitheach gach Linbh a Chumasú
Cruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal
Infheistíocht a dhéanamh inár nInfreastruchtúr Cruthaitheachta agus Cultúrtha
Éire a Bhunú mar Ionad Barr Feabhais sa Léiriú Meán
Ár gCáil Dhomhanda a Chomhdhlúthú
Beidh gach údarás áitiúil in Éirinn ag ullmhú Plean Cultúir agus Cruthaitheachta, ina léireofar struchtúr agus aidhmeanna foriomlána na straitéise náisiúnta cultúir agus cruthaitheachta. Ba mhaith leis an bhFoireann Cultúir i gComhairle Contae Dhún na nGall do chuid smaointe agus moltaí a fháil le go mbeimid in ann an Plean Cultúir agus Cruthaitheachta a ullmhú i gcomhair Chontae Dhún na nGall. Ba mhaith linn do chuid smaointe agus moltaí a chloisteáil go háirithe maidir le ‘Cruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal’ agus faoi cén chaoi ar féidir leas a bhaint as cuir chuige chruthaitheacha agus as smaointeoireacht shamhlaíoch chun tuiscint níos fearr ar ár gcultúr a chothú agus é a dhéanamh níos tarraingtí agus níos ábhartha, dea-chleachtas a chur chun cinn, tacú le poist, cuairteoirí a mhealladh chun na háite agus/nó a mbíonn ag teastáil a sheachadadh ar bhonn áitiúil. Breathnóidh an Fhoireann Cultúir ar na moltaí uile lena mheas cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear san áireamh sa Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta i gcomhair Chontae Dhún na nGall iad.
Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad ort an ceistneoir seo a chomhlánú, ach bí cinnte go gcuirfidh tú ar ais é roimh 4 i.n.,