Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe, cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas (nó a gCúramóirí/daoine muinteartha/Eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann) páirt a ghlacadh sa suirbhé chun cúnamh a thabhairt dúinn na bunfhadhbanna agus na príomhthosaíochtaí a aithint chun do rannpháirtíocht sa saol pobail a fheabhsú. 
 
Tugtar aitheantas in Airteagal 30 de UNCRPD (Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas) don cheart atá ag daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach ar bhonn comhionann le daoine eile i ngníomhaíochtaí cultúir, caithimh aimsire, fóillíochta agus spóirt.   Léiríonn na sonraí Daonáirimh is déanaí ó 2016 go bhfuil ar a laghad míchumas amháin ar 13% de dhaonra Chontae na Gaillimhe, nó 22,523 duine, agus tuairiscítear na príomhchineálacha míchumais mar seo a leanas:
·       10,372 a bhfuil deacracht acu le bunghníomhaíochtaí coirp
·       9,702 a bhfuil deacracht acu le pian, análú, nó tinneas/fadhb shláinte eile
·       5,676 a bhfuil deacracht foghlama acu
·       4,004 a bhfuil fadhb mheabhairshláinte acu
·       3,859 a bhfuil Bodhaire nó lagú éisteachta tromchúiseach ag dul dóibh
·       2,346 a bhfuil míchumas intleachtúil orthu
·       1,917 a bhfuil Daille nó lagú radhairc tromchúiseach ag dul dóibh
 
Léiríonn na staitisticí go mbeidh riachtanais éagsúla ann i ndáil le rochtain a fháil ar ghnáthghníomhaíochtaí agus sainghníomhaíochtaí míchumais pobail agus is é aidhm  an tsuirbhé seo faisnéis a ghabháil maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí reatha chomh maith le cúnamh a thabhairt dúinn na réimsí gur gá aird a thabhairt orthu agus smaoineamh orthu a aimsiú trí scéimeanna maoinithe amhail an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas, atá dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do Dhaoine faoi Mhíchumas a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí áitiúla.   
 
Déanaimid a mhéid rannpháirtíochta agus is féidir a spreagadh chun an fhaisnéis a ghabhtar sa suirbhé seo a dhéanamh chomh fiúntach agus chomh úsáideach agus is féidir agus gabhaimid buíochas leat roimh ré as ucht do rannpháirtíochta.
MAIDIR LEATSA:

Question Title

1. Cén aois thú (nó an duine a bhfuil tú ag comhlánú an tsuirbhé ar a shon)?

Question Title

2. Cén inscne thú?

Question Title

3. Cad é an príomhmhíchumas atá ort a mbíonn tionchar aige ar an mbealach a mbíonn tú rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobail?

Question Title

4. Cad é an baile/an sráidbhaile is cóngaraí duit i gCo.na Gaillimhe ina bhfuil rochtain agat de ghnáth ar ghníomhaíochtaí pobail?

RANNPHÁIRTÍOCHT I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ POBAIL:

Question Title

5. Cé acu de na cineálacha gníomhaíochtaí pobail seo a leanas a nglacann tú páirt iontu faoi láthair?

Question Title

6. Maidir le gníomhaíochtaí pobail eile ar mhaith leat páirt a ghlacadh iontu, cé acu seo is tábhachtaí duit (tabhair rangú 1 don cheann is tábhachtaí go dtí 5 don cheann is lú tábhachta)

Question Title

7. Tabhair sonraí le do thoil maidir leis an gcineál gníomhaíochta go sonrach a bheadh i gceist, e.g., ainm an chláir nó na gníomhaíochta, cén áit a d’fhéadfaí é a chur ar siúl, cé a d'eagródh é, etc.

TAITNEAMHACHTAÍ AGUS SAORÁIDÍ POBAIL:

Question Title

8. Conas mar a mheasfá an rochtain fhisiciúil atá agat ar na háiseanna a leanas?

  An-Dona Go Dona Measartha/Neodrach Go Maith An-Mhaith
Conairí agus Glasbhealaí 
Páirceanna Poiblí 
Tránna
Uiscebhealaí
Páirc Spraoi  
Leabharlann
Ionad Pobail
Spásanna Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas 

Question Title

9. Céard iad na príomhbhaic a bhíonn ort rochtain fhisiciúil a fháil ar na saoráidí thuasluaite agus céard iad na feabhsúcháin ar mhaith leat a fheiceáil?

Question Title

10. Maidir le taitneamhachtaí agus saoirí poiblí ar mhaith leat rochtain a bheith agat orthu, an féidir leat iad a rangú de réir chomh tábhachtach is atá siad duitse? (tabhair rangú 1 don cheann is tábhachtaí go dtí 8 don cheann is lú tábhachta)

Question Title

11. Dá gcuirfí Saoráid ina bhfuil Leithris agus Áiteanna Gléasta (saoráid ina mbeadh leithris inrochtana le trealamh breise amhail ardaitheoir, binse athraithe, etc.) ar fáil i gCo.na Gaillimhe, cén cineál saoráide nó áit a mbeifeá ag iarraidh go gcuirfí ar fáil ann é?

Question Title

12. An mbeadh tú sásta páirt a ghlacadh in Iniúchadh Insiúltachta ar do bhaile/do shráidbhaile áitiúil chun feabhsúcháin i dtaobh inrochtaineachta a aithint?

EOLAS AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ POBAIL:

Question Title

13. Cén áit a gcloiseann tú faoi ghníomhaíochtaí agus imeachtaí áitiúla?

Question Title

14. Cén chaoi a bhféadfaí eolas a chur ar fáil faoi ghníomhaíochtaí pobail do Dhaoine faoi Mhíchumas agus cén áit a bhféadfaí an t-eolas sin a chur le go mbeadh sé níos inrochtana?

Question Title

15. Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh inár suirbhé - úsáid an spás thíos chun aon aiseolas nó tuairimí eile atá agat a thabhairt.

0 of 15 answered
 

T