• English
  • Gaeilge
Cúlra agus Fís

Tá aithne i bhfad siar ar Bhéal Átha’n Ghaorthaidh mar stór saibhir don Ghaeilge in Éirinn. Bhí ról lárnach ag an sráidbhaile beag iargúlta seo in Athbheochan na Gaeilge ag deireadh na 1800í agus ag tús an 20ú haois, nuair a bunaíodh an chéad choláiste oiliúna múinteoirí Gaeilge in Éirinn, Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, thiar sa bhliain 1904.

Tháinig fás tapaidh ar an gColáiste, agus bhog sé chuig foirgneamh nua a bhí a níos mhó sa bhliain 1914. Tá an foirgneamh bunaidh, atá suite in aice le séipéal an tsráidbhaile, á chur ar fáil do Choiste Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh CLG, agus tá sé beartaithe leas a bhaint as chun MIarsmalann Athbheochan agus Teanga na Gaeilge – An Súgána bhunú mar an chéad mhúsaem dá chineál in Éirinn.

Tá smaointeoireacht nua ann don Iarsmalann, ina mbainfear leas as scéalaíocht sa chéad phearsa ó dhearcadh go leor de na carachtair a shamhlaigh, a bhunaigh, agus a thacaigh le Coláiste na Mumhan, Béal Átha’n Ghaorthaidh, agus a fuair spreagadh uaidh sna blianta luatha. Le tuiscint níos fearr a fháil ar an gcoincheap féin, tabhair cuairt ar www.ansugan.ie agus roghnaigh an roghchlár anuas “An Súgán”.

Tá sé mar aidhm ag an Iarsmalann gné oidhreachta a chruthú chun go leor cuairteoirí a mhealladh le stopadh sa sráidbhaile, nó seachrán a ghiniúint ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin a ghabhann thar an sráidbhaile faoi láthair.

Feidhmeoidh an t-ionad mar ‘ardán’ freisin do Choláiste na Mumhan an lae inniu, atá suite go fóill i mBhéal Átha’n Ghaorthaidh.

Ar deireadh, soláthrófar eolas turasóireachta san Iarsmalann freisin faoi láithreáin agus radhairc sa cheantar máguaird, agus feidhmeoidh sé mar nasc le gnéithe stairiúla ábhartha amhail Músaem Saoirse Chill Mhuire, Músaem Theach Mhichíl Uí Choileáin, agus na suíomhanna luíocháin in aice láimhe a bhaineann le Cogadh na Saoirse.

Tá an tionscadal ag céim Staidéar Féidearthachta i láthair na huaire, agus is sa chomhthéacs sin ar mhór againn do chuid smaointe agus tuairimí a fháil.
************************

Beidh an suirbhé seo go hiomlán faoi rún – anaithnideofar gach tuairisceán sula gcomhroinnfear iad. Ní dhéanfaimid teagmháil leat i ndáil le gné ar bith mura dtugann tú údarú dúinn go sainráite chuige sin (féach C.14).

************************

Question Title

* 1. Cé acu seo is fearr a dhéanann chur síos ortsa, ar do ghnó nó ar d’eagraíocht?

Question Title

* 2. Cé chomh fada agus atá tú i mbun oibre?

Question Title

* 3. Cárb as don chuid is mó de do chuairteoirí, bonn-custaiméirí nó lucht spéise (cultúrtha, pobal, oideachasúil/acadúil)?

Question Title

* 4. Óir gurbh ar éigean a mheasfaí 2020 de bheith ina gnáthbhliain oibriúcháin, cén chaoi a raibh an gnó nó an ghníomhaíocht duitse i gcoitinne in 2019, lenar áiríodh gníomhaíocht chultúrtha, pobail nó oideachasúil/acadúil?

Question Title

* 5. Agus súil á caitheamh chun cinn, cé acu seo is fearr a chuireann síos ar do “mheoin”?

Question Title

* 6. An bhfuil aon phlean agat chun táirgí, gníomhaíochtaí nó pleananna nua a fhorbairt – lena n-áirítear cinn a bheidh dírithe ar ghnéithe cultúrtha, oideachasúla/acadúla nó cúrsaí pobail - nó chun seirbhísí a mhéadú sna chéad chúig bliana eile?

Question Title

* 7. Cad iad na gnéithe i mBéal Átha’n Ghaorthaidh a chiallaíonn gurb áit í ar fiú cuairt a thabhairt uirthi?

Question Title

* 8. Tar éis duit tuiscint a fháil ar an bhfís a léiríodh thuas, cé chomh suntasach agus atá an tionscadal seo i do thuairimse(cuir tic leis an oiread boscaí agus is infheidhme):

Question Title

* 9. An síleann tú go mbeidh forbairt an Mhúsaeim nua atá molta ina cúnamh d’fhorbairt do ghnó/ghníomhaíochta nó le gnóthú do chuspóirí?

Question Title

* 10. Cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go gcuirfidh an Mhúsaeim nua le do ghnó/ghníomhaíocht nó leis an méid a dhéanann tú?

Question Title

* 11. Cad iad na tosaíochtaí a bheadh agat maidir le forbairt an Mhúsaeim nua? An bhfuil aon smaointe agat faoin méid ar cheart a áireamh ann, aon scéalta ar cheart a insint, nó faoin gcaoi ar chóir dó oibriú?

Question Title

* 12. An bhfuil bealach ar bith ann a bhféadfá cabhrú le forbairt an Mhúsaeim nua, nó lena oibriú amach anseo, mar shampla trí fhógraíocht a dhéanamh, gnó a tharchur, comhoibriú le chéile, comhthaighde a fhorbairt, cuidiú lena chistiú nó bealach ar bith eile?

Question Title

* 13. Cé acu seo a leanas is fearr a dhéanann cur síos ar do dhearcadh i leith an togra?

Question Title

* 14. Seans gur mhaith linn teagmháil a dhéanamh leat chun plé a dhéanamh ar roinnt de na smaointe a léirigh tú. Má thoilíonn tú leis sin, tabhair do ríomhphost/sonraí teagmhála eile anseo:

Gabhaimid buíochas leat!

Más mhiain leat scéalta a léamh faoi na forbairtí tabhair cuairt a www.ansugan.ie

T