Comhairliúchán ar Fhuathchaint |
Réamhrá
Tá dlí na hÉireann um fhuathchaint choiriúil á athbhreithniú ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá an dlí atá ann cheana – is é sin an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989 – á athbhreithniú agus á thabhairt cothrom le dáta chun a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais atá ag sochaí dhaonlathach nua-aimseartha
Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo.
Tá do thuairimí tábhachtach dúinn. Déan machnamh ar d’eispéiris féin ar fhuathchaint, ar fhuathchaint a raibh tú féin faoina réir nó ar na samplaí d’fhuathchaint atá feicthe, léite nó cloiste agat.
I bhfianaise na n-eispéireas sin, táimid ag iarraidh ort do thuairimí a chomhroinnt linn ar na cineálacha cosanta ba cheart a chur ar áireamh sa dlí um fhuathchaint agus ar na grúpaí a dteastaíonn cosaint uathu.
Trí na ceisteanna thíos a chomhlánú, cabhróidh tú le múnlú a dhéanamh ar dhlí na hÉireann um ghríosú chun fuatha – is é sin an choir a bhaineann le daoine eile a spreagadh i dtreo fuatha, éadulaingthe agus claontachta.
Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl ach na boscaí téacs thíos a chomhlánú nó aighneacht i scríbhinn a sheoladh chuig HateSpeechConsultation@justice.ie roimh an 17 Eanáir 2020.