Comhairliúchán Poiblí maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Náisiúnta na hÉireann 2017-2021 |
Go raibh maith agat as dréacht an tríú Plean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Náisiúnta a leámh. Breithneoidh muid aon aiseolas a fhaightear maidir leis an dréacht seo agus coinneoidh muid taifead den bhealach inar cuireadh an t-aiseolas sin i bhfeidhm.
Fís na hÉireann maidir le Bithéagsúlacht: “Go ndéanfar bithéagsúlacht agus éiceachórais na hÉireann a chaomhnú agus a athchóiriú, sa chaoi go gcuirfear tairbhí ar fáil atá riachtanach do gach earnáil sa tsochaí agus go dtacóidh Éire le hiarrachtaí chun stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus le díghrádú na n-éiceachóras san AE agus ar fud an domhain.”
Leis an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Náisiúnta (SPGBN) seo, an tríú plean den chineál sin d’Éirinn, gabhtar na cuspóirí, spriocanna agus gníomhartha don bhithéagsúlacht a dhéanfar ag raon leathan de ghníomhaithe rialtais, sochaí sibhialta agus earnála príobháidí chun Fís na hÉireann don Bhithéagsúlacht a bhaint amach. Cuireann an SPGBN seo creat ar fáil chun rianú agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo Fhís na hÉireann don Bhithéagsúlacht thar fhráma ama cúig bliana ó 2017 go 2021.