Screen Reader Mode Icon

Ceistneoir Comhchomhairliúcháin

Ceistneoir Comhchomhairliúcháin
Fáilteoidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh aiseolas ar an Dréachtphlean Earnála um Oiriúnú d'Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta. Cuideoidh tuairimí an phobail ar an bPlean Earnála atá beartaithe chun an bealach a dtabharfaimid cosaint don oidhreacht thógtha agus seandálaíochta atá againn amach anseo a mhúnlú. 

Déan an Dréachtphlean Earnála um Oiriúnú d'Athrú Aeráide chomh maith le do shaineolas agus an t-eolas atá agat cheana a mheas sula gcuirfidh tú freagra ar aghaidh. Beidh fáilte roimh gach tuairim.



Question Title

* 1. Sonraí Teagmhála

Question Title

* 2. An léirítear go cuí sa Dréachtphlean Earnála um Oiriúnú d'Athrú Aeráide an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide ar an oidhreacht thógtha agus seandálaíochta in Éirinn (féach cuid 2.2 den Dréachtphlean)?

Question Title

* 3. An léirítear go cuí leis an rogha ionadaíoch den oidhreacht in Éirinn atá sna cás-staidéir sa Dréachtphlean Earnála na príomhthionchair a bhaineann le hathrú aeráide (féach cuid 4.1)?

Question Title

* 4. An aontaíonn tú leis an 5 Sprioc Oiriúnaithe atá leagtha amach sa Dréachtphlean Earnála (féach cuid 5.1)?

Question Title

* 5. An bhfuil na Spriocanna agus Cuspóirí Oiriúnaithe oiriúnach do thréimhse 5 bliana an phlean seo (féach cuid 5.1)?

Question Title

* 6. Tá sraith de Ghníomhaíochtaí Oiriúnaithe sonraithe faoi gach Sprioc agus Cuspóir Oiriúnaithe. An aontaíonn tú leis na Gníomhaíochtaí sin (féach cuid 5.2)?

Question Title

* 7. Beidh comhoibriú gníomhach tras-rannach de dhíth i leith go leor de na Gníomhaíochtaí Oiriúnaithe (féach codanna 5.2 & 5.3). Céard, dar leat, atá ag teastáil chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin ar bhealach a bheidh fiúntach agus pras?

Question Title

* 8. Cé na gníomhaíochtaí is mó ar chóir díriú orthu sna chéad chúig bliana den Phlean Earnála seo (féach cuid 5.2)?

Question Title

* 9. An bhfuil aon ghníomhaíochtaí nó bearta eile nach bhfuil san áireamh sa phlean seo a shíleann tú atá tábhachtach (féach cuid 5.2)?

Question Title

* 10. Céard a d'fhéadfadh tusa nó d'eagraíocht a dhéanamh b'fhéidir a chuideodh leis an bPlean Earnála seo a chur i bhfeidhm ag leibhéal áitiúil (féach cuid 6.1)?

Question Title

* 11. An bhfuil aon tuairimí eile agat?

Question Title

* 12. Ba mhaith leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cead a fháil uait do fhreagra ar an gcomhchomhairliúchán a fhoilsiú. Tabhair do rogha foilsithe le fios (roghnaigh ceann):

0 of 12 answered
 

T