Cad é atá tábhachtach duitse fá dtaobh de Dhún na nGall?

Is é a dhéanann Plean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ná creatlach a chur ar fáil lenár nOidhreacht a bhainistiú, a chaomhnú, a chosaint agus a roinnt leis na glúnta atá le teacht. San áireamh inár nOidhreacht tá an Timpeallacht Nádúrtha – ár bhfiadhúlra agus ár ngnáthóga uathúla flóra agus fána, agus ár ngeolaíocht shainiúil; tá ár dTimpeallacht Thógtha i gceist chomh maith – ár bhfoirgnimh stairiúla, ár dtírdhreacha, ár bpáirceanna agus ár ngairdíní agus iad múnlaithe ag  an chine daonna; lena chois sin tá ár Seandálaíocht i gceist – na leachtanna, rudaí ársa agus raiceanna atá scaipthe thart orainn agus thíos fúinn; agus clúdaíonn sí ár nOidhreacht Chultúrtha chomh maith – ár scileanna, ár mbéaloideas, ár dtraidisiúin agus ár gcartlanna. Is réimse saoil iontach leathan agus iontach tábhachtach í an Oidhreacht s'againn.
Tá muid ag déanamh pleananna do na chéad 5 bliana eile, agus dá bharr sin, tá an t-eolas seo a leanas de dhíth orainn:
 
 
Cad é atá tábhachtach faoi Oidhreacht Dhún na nGall duit féin?
 
Má tá áit nó foirgneamh, gnáthóg nó láithreán seandálaíochta, traidisiún nó nós a shíleann tú a bhfuil gá lena bhainistiú, a chaomhnú, a chosaint agus a roinnt, bheimis buíoch dá gcuirfeá in iúl dúinn cad é atá tábhachtach duitse.
 
Má shíleann tú gur féidir leis an Oifig Oidhreachta agus an Fóram Oidhreachta feabhas a chur ar na rudaí a dhéanann muid, cuir in iúl dúinn, le do thoil, cad é ba cheart dúinn a bheith a dhéanamh ar dhóigh níos fearr.
 
Seo í an áit ina bhfuil cónaí orainn, ár n-áit dúchais, ár scéal féin. Bímis ag obair le chéile chun í a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun tosaigh.

Question Title

* 1. Cad é atá tábhachtach duitse faoi chúrsaí Oidhreachta i gContae Dhún na nGall? Áit b'fhéidir, nó gnáthóg, nó láithreán nó nós seandálaíochta. Glac bomaite, le do thoil, agus inis dúinn faoin rud sin, cá bhfuil sé agus cad chuige a bhfuil sé tábhachtach duitse.

Question Title

* 2. Is féidir linn Oidhreacht a bhriseadh síos i gceithre cinn de chatagóirí: Oidhreacht Nádúrtha (fiadhúlra, flóra agus fána, agus geolaíocht), Oidhreacht Thógtha (foirgnimh stairiúla, tírdhreacha, páirceanna agus gairdíní, agus dearadh de dhéantús an duine orthu), Oidhreacht Seandálaíochta (leachtanna, rudaí ársa agus raiceanna) agus Oidhreacht Chultúrtha (scileanna traidisiúnta, béaloideas, nósanna agus traidisiúin). Bheimis buíoch duit as iad sin a chur in ord tosaíochta dar leat féin, an chéad cheann ar an cheann is tábhachtaí duit agus an ceann deireannach ar an cheann is lú tábhacht duit.

Question Title

* 3. An bhfuil tú ar an eolas faoin obair a bhíonn ar siúl ag an Oifig Oidhreachta agus ag an Fhóram Oidhreachta?

Question Title

* 4. Luaigh thíos trí rud a thig linn a fheabhsú?

Question Title

* 5. I do thuairimse, cad é an rud is tábhachtaí, faoinár nOidhreacht, ar cheart dúinn uilig a bheith ar an eolas faoi agus a bheith airdeallach lena chaomhnú?

T